Éigse na Brídeoige 2021 Ar Líne

Léas dóchais in am an ghátair

Dá mbeadh gach rud ina cheart, bheimis ag tnúth le Éigse na Brídeoige 2021 a thabhairt os comhair an phobail an deireadh seachtaine 30ú – 31ú Eanáir, deireadh seachtaine na Féile Bríde. Faraoir, ní féidir sin a dhéanamh i mbliana de dheascadh Cóivid 19. Bhíomar ag súil le Amhráin na Ríochta  a chur os comhair an phobail mar is gnáthach, le ceolchoirm, cainteanna, cur is cúiteamh agus spraoi. Ach caithfear fuinneadh de réir na mine, agus ní mór dúinn i mbliana dul ar líne le léas solais a chaitheamh ar an ndúluachair.

Sular tháinig stop le gach aon rud, d’éirigh le Tim Dennehy, Seán Garvey, Rose agus Peter Mullarkey, Marion O’Neill agus Clare Horgan, teacht le chéile in Eaglais Naomh Mhichíl agus na nAingeal Uile sa Choireán. Dheineadar cuid de amhráin Uíbh Ráthaigh, idir amhráin Ghaeilge agus amhráin Bhéarla, a thaifeadadh, agus beidh físeán den dtaifeadadh sin ag dul beo ar an Satharn, 30ú Eanáir ag 8pm.

Ar an Domhnach, 31ú Eanáir, ag 8pm, óna tigh i gCorca Dhuibhne, tabharfaidh an t-amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh, le tionlacain ón ngiotáraí Gerry O’Beirne, léargas dúinn ar amhráin mhara agus amhráin eile ó Chiarraí atá ar fail ar Thar Toinn: Seaborne, an dlúthdhiosca nua aici.

Tá súil againn tuilleadh míreanna ar amhráin ó cheantracha eile i gCiarraí a sheoladh amach ar line i bhfad na haimsire nuair atá deireadh leis na srianta.

Beidh gach rud ar fáil an suíomh seo agus ar ár leathanach Facebook ar an 30ú agus 31ú Eanaír.

Anois teacht an earraigh …….. bígí linn!

Please enter your name.
Please enter a valid phone number.
Please enter a message.

SEOLADH

Fíona de Buis,
Bóthar na Faille,
An Coireán,
Co Chiarraí.

RÍOMHPHOST

CUR GLAOCH ORAINN

+353-872931463 (Fíona)

+353-66-9474888 (Oifig an Chomhchoiste)

Scroll to Top