Aíonna 2022

Steve Cooney Photo by Colin Gillen

Steve Cooney

Is mar gheall ar an modh úr tionlacan giotáir le ceol rince Chorca Dhuibhne is mó a cuireadh aithne ar Steve Cooney i dtús báire, agus ar bhuaigh an National Entertainment Award dó sa bhliain 1997. Rugadh san Astráil e ach, tá sé lonnaithe in Éirinn ó 1980 i leith. Mar cheoltóir, mar léiritheoir nó mar theicneoir fuaime, bhí baint aige le breis is 250 dlúthdhioscanna. File agus cumadóir, d’oibrigh sé le go leor ceoltóirí a bhfuil aithne idirnáisiúnta orthu, ach tá sé dírithe go príomhdha ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Bhuaigh an dlúthdhiosca a dhein sé dá leaganacha giotáir de cheol ársa cláirsigh duaiseanna i dtrí chatagóir ag na 2020 RTÉ Folk Awards, agus ghnóthaigh sé an Gradam Saoil chomh maith. Ba é Cumadóir na Bliana ag TG4 é sa bhliain 2021. Bronnadh dochtúireacht air sa bhliain 2018 as córas nua léite ceoil a chum sé do fhoghlaimeoirí óga agus dóibh siúd na n-oirfeadh an córas cliathnodaireachta dóibh.

Vincent Morley

Vincent Morley

Is i mBaile Átha Cliath a rugadh agus a tógadh Vincent Morley, cé gur Chiarraíoch ón Ráth Mhór é a sheanathair. Fuair sé céim M.Phil. i léann na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus dochtúireacht sa stair ó Ollscoil Learphoill. Chuaigh sé ar scor ón tseirbhís phoiblí go luath sa bhliain 2020 agus tá sé ag scríobh go lánaimseartha anois. Ar na leabhair atá scríofa aige tá Irish Opinion and the American Revolution, 1760-1783(Cambridge University Press, 2002), Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a Cumadh Stair na hÉireann (Coiscéim, 2011), The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland (Cork University Press, 2017) agus Cúrsaí Staire: Aistí ar an Stair, ar Staraithe agus ar Scríobh na Staire (Coiscéim, 2018).

 

Eiléan Ní Chuilleanáin

Eiléan Ní Chuilleanáin

Rugadh Eiléan Ní Chuilleanáin i gCorcaigh sa bhliain 1942, agus mhúin sí litríocht Bhéarla an Renaissance i gColáiste na Trionóide ó 1966 go dtí 2011. Ba í Ollamh Filíochta na hÉireann ó 2016 go dtí 2019. Tá aon bhailúchán déag filíochta foilsithe aici; ghnóthaigh an ceann is déanaí, The Mother House, Gradam Filíochta The Irish Times/Poetry Now sa bhliain 2019.

Tháinig Collected Poems ó Gallery Press sa bhliain 2020 agus ghnóthaigh an leabhar sin Duais Pigott 2021 ag Seachtain na Scríbhneoirí sa bhliain i Lios Tuathail. Tá aistriúcháin filíochta ó theangacha éagsúla, le déanaíDánta Antonella Annette, aistrithe go Gaeilge ón Iodáilis agus foilsithe ag Cois Life. D’fhoilsigh an Sichuan Ethnic Publishing Company, in Chengdu na Síne, leagan Sínise dá cuid filíochta sa bhliain 2020. In eineacht le Pearse Hutchinson, Leland Bardwell agus a fear céile Macdara Woods, nach maireann, bhí sí ar dhuine den gceathrar eagarthóir bunaidh a bhí ar an iris liteartha Cyphers, agus tá sí fós ina príomh-eagarthóir ar an iris sin.

SONY DSC

Bríd Ní Mhóráin

Is tobar gan bhonn é aoibhneas an nádúir a thugann ardú meoin & inspioráid leanúnach do Bhríd Ní Mhóráin a bhfuil cónaí uirthi i gCorca Dhuibhne ach go dtéann a préamhacha go doimhin in ithir Uíbh Ráthaigh. D’fhoilsigh An Sagart a tráchtas M. Litt. ar mheath na teangan sa leithinis faoin teideal: Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn bhreá(1997). Is é Flóra na Samhlaíochta an naoú cnuasach filíochta dá cuid & fuair sí sparánacht ó Ealaín na Gaeltachta chun é a chur i gcrích. Spreag an sárshaothar bitheolaíochta, Flóra Chorca Dhuibhne le Máirín Uí Chonchubhair ( Oidhreacht Chorca Dhuibhne, 1995) í chun tabhairt faoi an chéad lá. Bhí sí mar scríbhneoir cónaitheach ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le hurraíocht ó Ealaín na Gaeltachta idir 2003-2018.

Iarla Ó Lionnaird

Iarla Ó Lionáird

Rugadh agus tógadh Iarla Ó Lionáird i gceantar Gaeltachta Cúil Aodha, in iarthar Chorcaí. Ba mhúinteor é a athair agus ba amhránaithe sean-nós iad a mháthair agus a sheanmháthair. Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile ó Choláiste Carysfort i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile ar feadh seacht mbliana sular thosaigh sé ar a ghairm mar cheoltóir. Cleachtann sé seánraí difriúla amhránaíochta -  amhráin thraidisiúnta Éireannach, Ceilteach agus turgnamhach. Tá stadás  ar leith ag Ó Lionaird i saol an cheoil in Éirinn agus thar lear. Chan sé in áiteanna difriúla ar fud an domhain ar nós ‘Halla Carnegie’ i Nua-Eabhrac agus ‘Sydney Opera House’. Tá ‘An Buachaillín Bán’, ‘Casadh an tSúgáin’ agus ‘Samhradh Samhradh’ ar chuid des na hamhráin a bhain cáil amach do.Tá máistreacht ag Ó Lionáird sa eitnocheoleolaíocht ó Ollscoil Luimnigh. Ta cónaí air i gCill Chainnaigh lena bhean chéile Eimear agus tá triúr páistí acu.

11/10/2017 - FEATURES - Pictured is Olivia O'Leary at her home in Monkstown, Co.  Dublin.  Photograph Nick Bradshaw

Olivia O’Leary

Le tríocha bliain anuas, dhein Olivia O’Leary cur i láthair ar chláracha teilifíse faoi chúrsaí reatha ar RTÉ, chomh maith le BBC agus ITV na Breataine. Faoi lathair, is í a chuireann i láthair The Poetry Programme ar RTÉ Raidió 1. Le déanaí, chuir sí i láthair clár fáisnéise teilifíse dhá uair a’ chloig, Daniel O’Connell: Forgotten King of Ireland, ar RTÉ 1

Micheál Ó Siochrú

Mícheál Ó Siochrú

Rugadh Mícheál Ó Siochrú i mBaile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá cónaí air anois i Lios na gCroí, Contae Luimní. Tá sé pósta le Joan, bean as Luimneach. Ba fé thionchur Joan a chuir sé aithne ar réimse leathan de filí nua-aimseartha. I mBaile ‘n Sceilg, bhí an traidisiún béil an-láidir agus thaitin an Ghaeilge go mór le Mícheál. Tá roinnt mhaith dá chuid filíochta as Gaeilge ach le blianta beaga anuas tá go leor scríofa aige as Béarla. Tá scéalta gearra scríofa aige agus úrscéal ach is fearr leis dánta a scríobh na laethanta seo. Mhúin Mícheál Gaeilge, Béarla agus Stair ar feadh na mblianta i Luimneach. Is é Scáil an Scéil an leabhair filíochta is déanaí óna pheann agus seoladh é ag Éigse na Brídeoige 2019.  Is é Na Cócha Móra an túrscéal is déanaí atá foilsithe ag Mícheál agus bhuaigh sé Duais Liteartha an Oireachtais leis i 2021.

Ríonach Uí Ógáin

Ríonach Uí Ógáin

Is Iar-Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath í an tOllamh emeritus Ríonach uí Ógáin. Tá cuid mhór foilsithe aici i réimsí an cheoil agus na n-amhrán traidisiúnta ar a bhfuil dlúthdhioscaí agus leabhráin ina gcuideachta. Rinne sí eagarthóireacht ar dhialann taistil Shéamuis Ennis a foilsíodh sa mbliain 2007

Mise an fear ceoil: Séamus Ennis Dialann Taistil 1942-1946.

Foilsíodh an leagan Béarla

Going to the Well for Water

.  In éineacht le Tom Sherlock chuir sí

The Otherworld: Music and Song from Irish Tradition

ar fáil. Ba í an t-eagarthóir í ar an iris

Béaloideas: Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann

ó 2009 go dtí 2018. Is é an leabhar is nuaí uaithi

Colm Ó Caodháin: An Irish Singer and His World

.

Paddy Bushe

Paddy Bushe

Rugadh Paddy Bushe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1948, agus tá cónaí air in Uíbh Ráthach ó 1973 i leith. Bhí sé ina stiúrthóir bunaidh ar Éigse na Brídeoige sa bhliain 1993. Is file, aistritheoir agus eagarthóir é, as Béarla agus as Gaeilge, agus tá suas le fiche leabhar foilsithe aige. Le déanaí, bhain sé amach céim dochtúireachta sa scríbhneoireacht chruthaitheach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba é The Amergin Step teideal an tráchtais a scríobh sé, iniúchadh cruthaitheach pearsanta ar thaobh tíre Uíbh Ráthaigh agus an litríocht atá fite fuaite leis an dtaobh tíre sin. Foilseofar leabhar bunaithe ar an dtráchtas sin insna blianta beaga seo. Is ball de Aosdána é.

Scroll to Top